Cineál | téarma ríomheolaíochta |
---|---|
Eapainm | fuinneog |
Cuid de | córas fuinneog |
Foirm de chomhéadan grafach úsáideora, ina léiríonn an ríomhaire grúpa fo-scáileán ar an scáileán. Freagraíonn gach fo-scáileán do chlár éagsúil ar leith atá ag rith ar an ríomhaire. Is féidir na fo-scáileáin a bhogadh anonn is anall, a chur anuas ar a chéile, a laghdú go neamhbhuan chun baint den mhéid eolais ar an scáileán, agus ligean do na ríomhchláir go léir comhaid a sheachadadh eatarthu. Mar shampla, is féidir na torthaí ó scairbhileog a sheachadadh chuig córas foilsitheoireacht deisce le cur i dtuarascáil theicniúil. Windows a thugann comhlacht Microsoft mar thrádmharc ar a thimpeallacht iltasc oibriúcháin don ríomhaire pearsanta.[1]