Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil.
Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Albain | |||||
---|---|---|---|---|---|
Scotland (en) Alba (gd) | |||||
|
|||||
Aintiún | The Flower of Scotland | ||||
Mana | «In My Defens God Me Defend» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Príomhchathair | Dún Éideann | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 5,404,700 (2016) | ||||
• Dlús | 68.6 hab./km² | ||||
Déamainm | Albanach | ||||
Teanga oifigiúil | Béarla Gaeilge na hAlban an Albainis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Na náisiúin Cheilteacha | ||||
Achar dromchla | 78,782 km² | ||||
Pointe is airde | Beinn Nibheis (1,344) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ríocht na hAlban | ||||
Éarlamh | Naomh Aindrias | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na hAlban | ||||
Comhlacht reachtach | Pàrlamaid na h-Alba | ||||
• Monarc na Ríochta Aontaithe | Séarlas, Prionsa na Breataine Bige | ||||
• Céad-Aire na hAlban | John Swinney (2024–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | punt steirling | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .scot | ||||
Glaochód | +44 | ||||
Cód ISO 3166-2 | GB-SCT | ||||
Cód NUTS | UKM | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gov.scot |
Is tír í Albain (Gaeilge na hAlban: Alba; Albainis agus Béarla: Scotland) a bhíodh ina ríocht neamhspleách tráth in iarthuaisceart na hEorpa agus tá sí ar cheann de na ceithre náisiún as a bhfuil an Ríocht Aontaithe comhdhéanta. Is in Albain atá an trian ó thuaidh d'oileán na Breataine.
Ghlac Alba páirt in aontas pearsanta le Sasana den chéad uair sa bhliain 1603, nuair a rinneadh Séamus I Shasana agus na hÉireann de Séamus VI na hAlban. Tugadh aitheantas oifigiúil don aontas 1 Bealtaine 1707 le hAcht an Aontais 1707. Cuireadh deireadh le Parlaimint na hAlban ar Márta 26, 1707. Leis an aontas sin aontaíodh an dá ríocht, agus as sin tháinig Ríocht na Breataine Móire ar an saol, le Parlaimint nua amháin suite in Westminster, i Londain. D'fhan codanna áirithe d'institiúidí na hAlban, go háirithe an córas dlí, mar a bhí. Níos déanaí, in 1801, rinneadh an stát sin a aontú le hÉirinn, agus ón mbliain 1927 ar aghaidh is Tuaisceart Éireann a bhí sa stát agus in ainm na Ríochta. Sa bhliain 1999, beagnach 300 bliain tar éis di a bheith curtha ar ceal, vótáil pobal na hAlban chun parlaimint na tíre a thabhairt le chéile arís, de réir Rialtais na Breataine, faoi Acht Alban 1998. Tugadh cumhachtaí do Pharlaimint na hAlban an tír a riaradh i ngnéithe a bhaineann le hAlbain amháin, agus níl ach cumhachtaí teoranta aici le cáin a ardú.