An Aithin | |||||
---|---|---|---|---|---|
Αθήνα (el) | |||||
Ainmnithe in ómós | Aitéiné | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ghréig | ||||
Gníomhaireacht rialtais | Decentralized Administration of Attica (en) | ||||
Réigiún riaracháin de chuid na Gréige | Attica Region (en) | ||||
Regional unit of Greece (en) | Central Athens Regional Unit (en) | ||||
Municipality of Greece (en) | Athens Municipality (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 643,452 (2021) | ||||
• Dlús | 16,498.77 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Ghréigis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 39 km² | ||||
Airde | 74 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | an Aithin Chlasaiceach | ||||
Cruthú | c. 7 mílaois "RCh" | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Éarlamh | Dinísias an tAiréapagach | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 104 xx-106 xx, 111 xx-118 xx agus 121 xx-124 xx | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 210 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | cityofathens.gr |
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is í an Aithin, nó an Ataen (Gréigis: Αθήνα, Athína) príomhchathair na Gréige. Le trí mhilliún ina gcónaí ann, is í an t-ochtú ceantar chathrach is mó san Aontas Eorpach. Is í an Aithin príomhchathair réigiúin na hAtaice, ina bhfuil sí an ghné is suntasaí. Is í ceann de na cathracha is sine ar domhain; bhuail na chéad daoine fúthu san áit am éigin idir an 11ú agus an 7ú mílaois RC. Ainmníodh an chathair as Aitéiné, bandia shean-Ghréagach na heagna. Tá fréamhacha an daonlathais le fáil sa chathair seo ó Ré Órga na Sean-Ghréige.
Ba chathairstát cumhachtach í an Aithin Chlasaiceach. B'ionad mór litríochta, léinn agus fealsúnachta í, ina raibh Acadamh Phlatóin agus Licéam Arastotaile. Luaitear í go fairsing mar thobar shibhialtacht an Iarthair agus cliabhán an daonlathais, go mór is go fada de bharr a tionchair ar pholaitíocht agus ar chultúr na hEorpa - an tSean-Róimh go háirithe. Sa lá atá inniu ann, is ardchathair mhór iltíreach í atá croílár i saol geilleagrach, airgeadúil, tionsclaíoch, muirí, polaitiúil agus cultúrtha na Gréige. I 2023, bhí thart ar 3.8 milliún duine ina gcónaí i gceantar chathrach na hAithne chomh maith leis na bailí bardais ina timpeall.
Is cathair domhanda le stádas béite í an Aithin dar leis an "Globalization and World Cities Research Network", agus is í ceann de na láithreacha geilleagracha is mó in Oirdheisceart na hEorpa. Tá earnáil airgeadais mór aici chomh maith agus is é an tríú port paisinéara is gnóthaí san Eoraip agus an 26ú port coiméadáin is gnóthaí ar domhain é port na cathrach, Piréas. I gCathair na Aithne, aonad beag riaracháin den cheantar chathrach iomlán, bhí daonra 643,452 (i 2021) taobh istigh dá teorainn oifigiúil, le hachar de 38.96 km2. Síníonn ceantar cheannchathrach na hAithne, nó an Aithin Mhór amach thar a limistéar bardasach agus riaracháin chomh maith lena ceirtleán uirbeach, le daonra 3,638,281 (i 2021) ar fud achair 2,928.717 km2. Is í an Aithin an phríomhchathair is fada ó dheas ar mhór-roinn na hEorpa fosta.
Tá oidhreacht Chlasaiceach na cathrach fós soléir, mar a léiríonn na séadchomharthaí ársa, is na saothair ealaíne, dá bhfuil an Partanón an ceann is cáiliúla, luaitear mar shainchomhartha barrthábhachtach de luathchultúr an Iarthair. Tá cuid shéadchomharthaí Rómhánacha is Biosántacha agus cuid níos lú sheádchomharthaí Otamánacha sa chathair, agus tá rianta de leanúnachas na mílte blianta le feiceáil ina croí stariúil uirbeach.
Tá 4.5 milliún duine ina gcónaí sa chathair faoi láthair, níos mó ná an tríú cuid de dhaonra na Gréige. Bhí na chéad Cluichí Oilimpeacha nua-aimseartha ar siúl sa chathair sa bhliain 1896 agus iad ar siúl ann den dara huair sa bhliain 2004.