Our website is made possible by displaying online advertisements to our visitors.
Please consider supporting us by disabling your ad blocker.

Responsive image


An Eoraip

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Eoraip

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósEuropa Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 48° 41′ 27″ N, 9° 08′ 26″ E / 48.690959°N,9.14062°E / 48.690959; 9.14062
Daonra
Iomlán744,831,142 (2024) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús73.12 hab./km²
DéamainmEorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Eoráise
Domhan
Ostfeste (en) Aistrigh
an Afrai-Eoráise Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla10,186,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Elbrus (en) Aistrigh (5,642 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleMuir Chaisp (−28 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.eu Cuir in eagar ar Wikidata
Gnéithe ilchríocha na hEorpa. Is féidir sliabhraonta, leithinsí, oileáin agus réigiúin níos loiscní agus níos fuaire a fheiceáil san íomhá satailíte comhshuite seo
Léarscáil Pholaitiúil den Eoraip sa bhliain 814

Is ilchríoch í an Eoraip, leis na teorainn seo a leanas aici: an tAigéan Atlantach thiar, an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, an Úral agus Sléibhte na hÚraile thoir, Sléibhte na Cugaise agus an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agus an Mheánmhuir ó dheas. Agus an Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir oll-ilchríoch na hEoráise a aithint.

Tá cónaí ar 742,452,000 duine san Eoraip, agus tá timpeall 50 tír neamhspleách ann. Ó mí Iúil 2013 ar aghaidh, tá 28 acusan cheana féin san Aontas Eorpach, agus ar a laghad trí gcinn ag brath ar dhul isteach i mbeagán blianta. Déanann institiúid an Aontais a ngnó i 20 teanga, ach tá go leor mionteangacha eile cheana féin san Aontas.

Ba san Eoraip a thosaigh cuid de mhórimpreachtaí an domhain. Leath cumhacht na Gréige, agus na Róimhe ina diaidh, ar fud cuid mhór den Eoraip, maraon le tuaisceart na hAfraice agus iarthar na hÁise. Ón gcéad aistear a rinne Criostóir Colambas chun an domhain nua don Spáinn, thóg an tír sin agus tíortha nach é seilbh de réir a chéile ar Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas. Thóg tíortha eile ar nós na Breataine, na Portaingéile, na nÍsiltír, na Gearmáine agus na Beilge seilbh freisin ar chuid mhór desna na mór-roinne eile. Leath an Rúis ó Mhoscó siar go dtí an Mhuir Bhailt, soir chomh fada leis an Aigéin Ciúin, agus ó dheas go dtí an Mhuir Dhubh, Sléibhte na Cugaise, agus an Mhongóil. Ní ach ag deireadh an 19ú haois ar aghaidh go dtí lár an 20ú haois a fuair mórán de choilíneachtaí na hEorpa a saoirse arís, cé go bhfuair cuid mhór de Thuaisceart Mheiriceá (Stáit Aontaithe Mheiriceá) a saoirse i 1775. Tá cumhacht airgeadach agus míleata ag an Eoraip i gcúrsaí an domhain, ach is beag é le hais chumhacht SAM nó, go dtí 1989, cumhacht an Aontais Shóivéadaigh. Ach le bunú an Chómhargaidh Eorpaigh, agus a chomharba an tAontas Eorpach, ceapann go leor go dtiocfaidh neart géilleagrach agus míleata arís chun na hEorpa, mar gur mó anois é a dhaonra ná daonra SAM nó an Aontais Shóivéadaigh mar a bhí, nó na Rúise an lá atá inniu ann.


Previous Page Next Page






Европа AB Iërupa ACE Еуропэ ADY Europa AF Europa ALS አውሮፓ AM Europa AN Europe ANG Yurop ANN यूरोप ANP

Responsive image

Responsive image