|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | eagraíocht réigiúnach | ||||
Stair | |||||
Téann in áit | International Authority for the Ruhr (en) | ||||
Dáta a bunaíodh | 18 Aibreán 1951 | ||||
Bunaitheoir(í) | an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Ghearmáin Thiar | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 23 Iúil 2002 | ||||
Rud nó duine a tháinig ina áit | an tAontas Eorpach | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Uachtaránacht | Jean Monnet (1952–1955) | ||||
Fochomhlacht | |||||
Cuid de | an tAontas Eorpach (1967–) | ||||
An chéad institiúid Eorpach eacnamaíochta ba ea an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach, a bunaíodh sa bhliain 1952 faoi Chonradh Pháras. 6 thír a bhí ina mbaill ar dtús: an Fhrainc, an Iar-Ghearmáin, an Iodáil, an Bheilg, an Ollainn is Lucsamburg.
Ba é a chuspóir dleachtanna custaim is srianta cuóta maidir le gual, mianach iarainn is seaniarainn a bhaint agus iomaíocht shaor chothrom sna hearraí sin a chothú. Athraíodh an t-ainm go dtí an Comhphobal Eorpach Eacnamaíochta (EEC) i 1957, agus an Comhphobal Eorpach (EC) i 1967.
Chuaigh Éire, an Danmhairg is an Ríocht Aontaithe isteach san EC i 1973, an Ghréig i 1981, an Spáinn is an Phortaingéil i 1986, agus an iar-Oir-Ghearmáin i 1990 (le hathaontú na Gearmáine). Athraíodh an t-ainm arís i 1993 go dtí an tAontas Eorpach (EU).
Chuaigh an Ostair, an Fhionlainn is an tSualainn isteach ann i 1995; Málta, an Chipir, an tSlóivéin, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic is an Ungáir i 2004; an Bhulgáir is an Rómáin i 2007.[1]