Tá Laois nó Contae Laoise[1] i lárdheisceart na hÉireann, i gCúige Laighean. Is ann a bhí forlámhas ag clann Uí Mhórdha agus tá a ndún le feiceáil go fóill in aice leis an bpríomhbhaile, Port Laoise. D'fhág na Normannaigh a rian ar an áit chomh maith.
Contae beag é agus bhí sé ar cheann de na ceantair ba thúisce a ndearnadh plandáil air le linn aimsir na dTúdor in Éirinn. Ba í Mary Tudor, banríon Shasana agus bean chéile Rí Philip na Spáinne a rinne contae de i 1556 faoin ainm 'Queen's County' (Contae na Banríona).
- ↑ “Contae Laoise/Laois | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.