Oirialla | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Daonra | |||||
Teanga oifigiúil | an Mheán-Ghaeilge | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 331 | ||||
Díscaoileadh | 1585 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Ard-ríocht nó 'cúige' in Éirinn na meánaoise ba ea na hOirialla[1] (Sean-Ghaeilge Airgíalla, Béarla Oriel) maraon le hainm na cónaidhme faoina bonn. Bhíodh naoú bhfo-ríocht sa chónaidhm, neamhspleách eatarthu féin ach gafa le chéile de bharr ardfhlaithiúnais ainmniúil tugtha do rí ruire, de ghnáth den rítheaghlach is cumhachtaí.[2]
Ag barr a mhéide, b'ionann beagnach críocha Oiriall agus deoisí Ard Mhacha agus Clochair, ina luí le codanna de chontaetha Ard Mhacha, Mhuineachán, Lú, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire.[2] Ba iad a phríomhchathair ná Ard Mhacha agus Clochar. Faightear an t-ainm fós sa bhéaloideas i n-oirdheisceart na nUladh agus Contae Lú taobh leis.