Pound Sterling | |
---|---|
![]() ![]() | |
Críocha infheidhme | |
an Ríocht Aontaithe ( - ) ![]() | |
Tréithe | |
Cód ISO 4217 | GBP |
Giorrúchán nó siombail | £ |
Banc ceannais | Banc Shasana |
Ráta malairte | |
Croineolaíocht | |
27 Iúil 1694- | |
Australian pound (en) ![]() | |
Tuilleadh eolais | |
ID wurvoc.org | pound_sterling |
Is é an punt steirling (as Béarla: pound sterling, paʊnd 'stɜː.lɪŋ, siombail: £; cód ISO: GBP), a fhóroinntear i 100 pingin (as Béarla: penny, iolra: pence), airgeadra na Ríochta Aontaithe, na spleáchas Corónach d'Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht, agus na gCríoch Thar Lear Briotanach den Seoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas[1] agus Críoch Antartach na Breataine.[2]
Is airgeadraí ar leith iad punt Giobráltar, punt Oileáin Fháclainne agus punt San Héilin, atá le rátaí malairte pionnáilte leis an steirling acu.
Tá an steirling ar an tríú airgeadra cúltaca is coitianta faoi láthair, i ndiaidh dollar na Stáit Aontaithe agus an euro.[3] Is eisean an ceathrú airgeadra is trádálaithe sa mhargadh airgeadraí, i ndiaidh dollar SAM, an euro agus yen na Seapáine.[4]