Cineál | lá saoire féile reiligiúnach Reversal ritual (en) | ||
---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Satarn | ||
Comóireann sé | Satarn An Athbhliain golden age (en) | ||
Lá | 17 Nollaig 18 Nollaig 19 Nollaig 20 Nollaig 21 Nollaig 23 Nollaig 22 Nollaig | ||
Tír | An tSean-Róimh | ||
Féile de chuid na Sean-Róimhe ab ea Saturnalia (17-23 Nollaig), a bhíodh á cheiliúradh in ómós Shatairn, dia Rómhánach na talmhaíochta, na meala, srl. Thosaíodh an ceiliúradh an tseachtain roimh ghrianstad an gheimhridh. Féile ab ea é a chuireadh sochaí na Róimhe bunoscionn le han-mhórán macnais. Bhíodh na Rómhánaigh ag ól, ag déanamh cuartaíochta i dtithe éagsúla, agus ag ithe a lán bia. Rud an-spéisiúil freisin a tharlaíodh ag an am seo den bhliain ná bhíodh na sclábhaithe mar shaoránaigh le linn na féile.[1]