Is cuid ardaithe de screamh an Domhain é sliabh, de ghnáth le fánaí crochta a léiríonn buncharraig nochtaithe suntasach. Cé go n-athraíonn sainmhínithe, d’fhéadfadh go mbeadh difríocht idir sliabh agus ardchlár ós rud é go bhfuil achar teoranta aige faoi mhullaigh, agus go hiondúil tá sé níos airde ná cnoc, ag ardú go hiondúil ar a laghad 300 méadar os cionn na talún máguaird. Is Inselbergí iad cúpla sliabh, ach tarlaíonn an chuid is mó díobh i sliabhraonta.[1]
Cruthaítear sléibhte trí fhórsaí teicteonacha, trí chreimeadh, nó trí bholcánachas, nó bolcánacht, a fheidhmíonn ar scálaí ama suas le na mílte bliain.[2] Nuair a thagann deireadh le tógáil sléibhe, déantar na sléibhte a leibhéaladh go mall trí ghníomh síonchaitheamh, trí sleabhcadh agus trí fhoirmeacha eile mórghluaiseachat, chomh maith le creimeadh ag aibhneacha agus oighearshruthanna.[3]
Áit lom is ea an sliabh de ghnáth[4]. Ní bhíonn aon fhothain le fáil ann ón ngaoth. Bíonn tréithe ar leith ag baint leis na ainmhithe agus leis na plandaí a mhaireann sa ghnáthóg seo. Cabhraíonn na tréithe sin leo maireachtáil ann. Oiriúnú a thugtar air sin.