Our website is made possible by displaying online advertisements to our visitors.
Please consider supporting us by disabling your ad blocker.

Responsive image


Ulaid

Féach freisin Cúige Uladh

Ard-ríocht nó 'cúige' i n-oirdheisceart na hÉireann le linn na meánaoise ba ea Ulaid. Cónaidhm dreamanna nó finte éagsúla a bhí ann.[1] Mhaígh roinnt rítheaghlach san ard-ríocht gur de shliocht na nUlad féin iad (Dál Fiatach, srl), agus eile de shliocht na gCruithne (Dál nAraidi, srl).

Ulaid le linn na 10ú agus 11ú–haoiseanna, le trí phríomh-fho-ríocht (gan Dál Riada).

Thugtaí Rí UladRí in Chóicid (Rí an Chúige) ar an rí.[2][3][4] I gcáipéisí staire, séard atá i gceist leis an téarma Ulaid ná an dream, agus an Dál Fiatach ina rítheaghlach air.[4] Dá bharr, bhíodh dhá bhrí leis an teideal Rí Ulad: rí na hard-ríochta agus/nó rí an dreama.[2][4]

Feictear na hUlaid go suntasach sa Rúraíocht, cnuasach scéalta de chuid miotaseolaíocht na nGael. De réir na seanscéalta úd, luíodh críocha ársa na nUlad le cúige Uladh an lae inniu, gan Contae an Chabháin, ach Contae Lú san áireamh.[1][5] Síneadh a theorainn theas ón Drobhaois san iarthair go dtí An Bhóinn san oirthear.[1][5][4]

Ag tús an ré stairiúil in Éirinn sa 6ú haois, bhí críocha na nUlad teoranta taobh thoir den Bhanna. Deirtear gur ghéill siad tailte d'Oirialla agus Uí Néill an Tuaisceart.[1] Tháinig deireadh le hUlaid mar ríocht Ghaelach sa 12ú haois, nuair a chloígh an ridire Angla-Normannach, John de Courcy, iad, agus tháinig Iarlacht Uladh i réim.[1]

Tiarnas na nUladh
Iarlas na nUladh
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Connolly589
  2. 2.0 2.1 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named MacNeill651
  3. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named FraserPage159
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named ANHOI212
  5. 5.0 5.1 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Hack38

Previous Page Next Page






Ulaid BR Ulaid Catalan Ulaid English Ulaid Spanish Ulaid EU Ulaidit Finnish Ulaid French Ulaid Italian 울라 (아일랜드) Korean Ulaid Dutch

Responsive image

Responsive image