Cineál | cóisir | ||
---|---|---|---|
Lá | grianstad an gheimhridh | ||
Dhéantaí Jul nó Yule[1] a cheiliúradh i lár an gheimhridh, i gCríoch Lochlann agus sna tíortha Gearmánacha, i mí na Nollag (cosúil leis na Rómhánaigh, Saturnalia) agus i mí Eanáir de réir fhéilire an lae inniu. Féile chun ceiliúradh a dhéanamh ar dheireadh an dorchadais agus filleadh na gréine a bhí ann.[2]
Le linn na féile bhailíodh daoine lomáin, nó stoic crainn, agus chuireadh siad trí thine iad. Bhíodh bia gann le linn an gheimhridh, mar sin mharaíodh daoine eallaigh agus ansin bhíodh an-chuid feola ar fáil dóibh. Chomh maith leis sin, bhíodh daoine ag déanamh beorach agus fíona i rith na bliana agus bhíodh sé sin réidh le hól ag an am seo den bhliain.