Is í an cheimic an disciplín eolaíoch a bhaineann le dúile agus comhdhúile comhdhéanta d’adamh, móilíní agus iain: a gcomhdhéanamh, a struchtúr, a n-airíonna, a n-iompar agus na hathruithe a dhéantar orthu le linn imoibrithe le substaintí eile.[1][2][3][4]
Faoi raon feidhme a ábhair, tá áit idirmheánach ag an gceimic idir an fhisic agus an bhitheolaíocht.[5] Uaireanta tugtar an eolaíocht lárnach uirthi toisc go leagann sí síos an bhunchloch chun na ndisciplíní eolaíochta bunúsacha agus feidhmiúla a thuiscint ar leibhéal bunúsach.[6] Mar shampla, míníonn an cheimic gnéithe de cheimic na bplandaí (luibheolaíocht), an chaoi a gcruthaítear carraigeacha igneacha (geolaíocht), an chaoi a ndéantar ózón atmaisféarach agus an chaoi a ndíghrádaíter truailleáin chomhshaoil (éiceolaíocht), airíonna na hithreach ar an ngealach (cosmaicheimic), conas a oibríonn cógais (cógaseolaíocht), agus conas fianaise Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN) a bhailiú ag láthair choire (eolaíocht fhóiréinseach).
Pléann an cheimic ábhair mar an chaoi a n-idirghníomhaíonn adamh agus móilíní trí nasc ceimiceach chun comhdhúile ceimiceacha nua a ghiniúint. Tá dhá chineál nasc ceimiceach ann: 1. naisc cheimiceacha phríomhúla .i. naisc chomhfhiúsacha, ina roinneann adamh leictreon amháin nó níos mó; naisc ianacha, ina ndeonaíonn adamh leictreon amháin nó níos mó d’adamh eile chun ian (caitiain agus ainiain) a tháirgeadh; naisc mhiotalacha agus 2. naisc cheimiceacha tánaisteacha .i. naisc hidrigine; naisc d'fhórsa Van der Waals, idirghníomhaíocht ian-ian, idirghníomhaíocht ian-déphol srl.