Toradh ar phróiseas iontaisithe ar adhmad ina malartaítear an t-adhmad le silice, calcadóine nó ópal de ghnáth, trí inshíothlú uisce atá saibhir i mianraí. Uaireanta, caomhnaítear mionstruchtúr an adhmaid go foirfe. Sampla iontach is ea Páirc Náisiúnta na Foraoise Clochraithe i stát Arizona, SAM a bunaíodh sa bhliain 1962.[1]