Gàidhlig na h-Alba agus Gàidhlig | |
---|---|
Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 57,000 (2011) |
Dúchasach do | Dún Éideann, Glaschú, Comhairle na Gàidhealtachd agus Albain |
Stáit | an Ríocht Aontaithe, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil agus an Nua-Shéalainn |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ceilteacha Ceiltis na nOileán teangacha Gaelacha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach agus aibítir na gcrann |
Institiúid caighdeánaithe | Bòrd na Gàidhlig |
Leibhéal leochaileachta | 3 cinnte i mbaol |
Cóid | |
ISO 639-1 | gd |
ISO 639-2 | gla |
ISO 639-3 | gla |
Glottolog | scot1245 |
Ethnologue | gla |
ASCL | 1101 |
Linguist List | gla |
UNESCO | 411 |
IETF | gd |
Endangered languages | 3049 |
Ceann de na teangacha Gaelacha í Gaeilge na hAlban[1] nó Gàidhlig, mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Foghrúpa de chuid na dteangacha Ceilteacha is ea na teangacha Gaelacha, mar atá, Gaeilge, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann. Is iad na teangacha Briotánacha, mar atá, Breatnais na Breataine Bige, an Choirnis i gCorn na Breataine, agus an Bhriotáinis sa Bhriotáin, na trí theanga chomhaimseartha san fhoghrúpa seo. Taobh istigh de gach foghrúpa den bheirt, tá na teangacha sách intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach is deacair, fiú, an gaol atá ag an dá fhoghrúpa le chéile a aithint gan tuiscint éigin a bheith agat don teangeolaíocht Cheilteach.
Is í Gaeilge na hAlban teanga na nGael in Albain, agus cé gur i nGarbhchríocha na hAlban atá a réimeas anois den chuid is mó, bhí sí i bhfad á labhairt sa chuid is mó den tír.
Tá áit ar leith aici i gcultúr na hAlban, agus aithníonn an chuid is mó de mhuintir na hAlban é seo, idir Ghaeil agus Ghaill. Tá saibhreas beul-aithris sa Ghaeilge, óir ba í teanga chultúr na mbard sa Ghàidhealtachd ar feadh na gcéadta bliain. Chuaigh an teanga i léig nuair a tosaíodh ar ghéarleanúint a dhéanamh ar mhuintir na Gàidhealtachda agus ar a gcuid nósanna, go háirithe tar éis Chath Chùl Lodail agus Fhuadach na nGael.
Inniu féin, tá dímheas ag cuid de mhuintir na hAlban ar an teanga, agus iad den tuairim nach bhfuil ann ach canúint gharbh gan úsáid liteartha.[2] Teuchters a thuganns siad ar mhuintir na nGarbhchríoch, focal a bhfuil blas díspeagúil ciníochais air.
Ba chirte Gaeilge na nGarbhchríoch agus na nOileán a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban inniu, nó chuaigh an teanga in éag ar fad in Ísealchríocha na hAlban le fada an lá. Labhraítí Gaeilge na nÍsealchríoch i bhfad theas in Albain, sular thosaigh an Albainis ag fáil na láimhe in uachtar uirthi. Teanga is ea an Albainis — Lallans nó Braid Scots — atá gaolmhar leis an mBéarla.