Is aomadh buan é nasc ceimiceach idir adaimh, iain nó móilíní a chuireann ar chumas déanmhaíochta comhdhúile ceimiceacha. D’fhéadfadh an nasc teacht as an bhfórsa leictreastatach idir iain atá luchtaithe go hurchomhaireach, amhail i naisc ianacha nó trí chomhroinnt leictreon mar atá i naisc chomhfhiúsacha. Athraíonn neart na nasc ceimiceach go mór; tá “naisc láidre” nó “naisc phríomhúla” mar naisc chomhfhiúsacha, ianacha agus mhiotalacha, agus “naisc laga” nó “naisc thánaisteacha” mar idirghníomhaíochtaí dépholach-dépholach, fórsa scaipthe Londain agus nascadh hidrigine.
San adamh, timpeallaíonn na leictreoin an núicléas i bhfithiseáin i scealla timpeall an núicléis. Muna mbíonn an sceall seachtrach lán le leictreoin, an uasmhéid atá ceadaithe don adamh sin, bíonn an t-adamh éagobhsaí agus fonn air nasc a dhéanamh le hadamh eile. Aithnítear trí shaghas naisc phríomhúil. An nasc ianach, mar atá i gclóiríd sóidiam, NaCl (salann mín), inar chaill an sóidiam leictreon agus ar ghnóthaigh an clóirín leictreon, ionas go gcoinnítear na hiain seo le chéile trí aomadh frithpháirteach idir Na+ is Cl-. Sa nasc comhfhiúsach, mar atá i gclóirín, Cl2, bíonn cuid de na leictreoin bainteach leis an dá núicléas. Nuair a nascann dhá adamh hidrigine (H) le hadamh amháin ocsaigine (O), cruthaítear móilín uisce, H2O, agus bíonn dhá nasc chomhfhiúsacha ann. Sa nasc miotalach, mar atá i sóidiam, Na, bíonn na fiúsleictreoin dílogánaithe agus bainteach le cuid mhaith núicléas, rud a thugann seoltacht leictreach don mhiotal. Tugtar nasc singil ar nasc comhfhiúsach ina bhfuil dhá leictreon i gceist, nasc dúbailte ar cheann le 4 leictreon, agus nasc triarach ar cheann le 6 leictreon. Comharthaítear na naisc seo i bhfoirmlí ceimiceacha le -, =, is ≡. Tugtar an nascfhuinneamh ar an bhfuinneamh is gá chun nasc ceimiceach a bhriseadh (mar shampla, chun móilín clóirín, Cl2, a athrú in dhá adamh clóirín, 2 Cl).