Focal nuacheaptha do choincheap nua is ea nuafhocal[1] (Béarla: neologism).[2] B'fhéidir go bhfuil an téarma nó frása nua-chumtha curtha i bhfriotal. Tá an iliomad samplaí ag teacht chun cinn an t-am ar fad: suasóg, fón póca, claonbholscaire, srl.
Is minic a bhíonn an nuafhocal inchurtha go díreach le duine ar leith, foilseachán, tréimhse, eachtra, srl.
Úsáidtear an téarma i bpaiteolaíocht teanga freisin nuair a cheapann an t-othar focal gan bhrí nó le brí an-doiléir, rud a tharlaíonn in afáise, scitsifréine agus roinnt neamhord eile.[2]