Sa phaiteolaíocht, is éard is pataigineas[1] ann ná an próiseas trína bhforbraíonn galar. Cuimsíonn sé fachtóirí a chabhraíonn le tosú an ghalair, chomh maith le fachtóirí a bhaineann lena dhul chun cinn agus lena chothabháil.[2] Tagann an focal ón tSean-Ghréigis πάθος (pathos) “fulaingt, galar”, agus γένεσις (genesis) “cruthú”.