![]() ![]() | |
![]() ![]() | |
Cineál | irisleabhar agus suíomh gréasáin |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | Béarla |
Am tosaigh | 1967 ![]() |
Bunaitheoir(í) | Jann Wenner |
Áit a fhoilsithe | Nua-Eabhrac |
Tréith | |
Formáid nuachtáin | táblóideach |
Príomhábhar | cultúr an phobail agus popcheol |
Eagarthóir | Jann Wenner ![]() |
Foilsitheoir | Jann Wenner ![]() |
Eagrán | Rolling Stone (en) ![]() Rolling Stone (an Iodáil), an Iodáilis Rolling Stone (en) ![]() Rolling Stone (en) ![]() Rolling Stone (en) ![]() Rolling Stone (en) ![]() ![]() |
Páirteanna | 1,326 |
Aitheantóirí | |
ISSN | 0035-791X |
Suíomh | rollingstone.com ![]() |
Irisleabhar Meiriceánach coicísiúil is ea Rolling Stone a dhíríonn ar an gcultúr coitianta. Jann Wenner, foilsitheoir ar an irisleabhar go dtí inniu féin, agus Ralph J. Gleason, criticeoir ceoil, a bhunaigh an foilseachán in San Francisco sa bhliain 1967. Aithníodh é ar dtús as an tuairisciú ceoil san iris agus as tuairiscí polaitíochta le Hunter S. Thompson. Sna 1990idí d'athraigh an iris a fócas ar dhaoine níos óige agus ar na seónna teilifíse, aisteoirí scannáin agus popcheol a thaitin leo, dar le foilsitheoirí na hirise. Le blianta beaga anuas, tá Rolling Stone tagtha ar ais chuig an meascán d'ábhair a bhí acu roimh na '90idí. Tá cló foilsitheoireachta i gcomhair leabhar acu freisin darb ainm Rolling Stone Press.