Banna popcheoil ó Learpholl i Sasana ab ea The Beatles. An Fab Four a thugtar ar cheithre bhall rialta an bhanna amannta. Tá siad i measc na ngrúpaí is mó cáil agus is rathúla i stair an rac-cheoil.
Tá níos mó ceirníní díolta ag The Beatles ná ag aon bhanna eile riamh i Stáit Aontaithe Mheiriceá, dar leis an Recording Industry Association of America. Sa Ríocht Aontaithe, scaoil siad níos mó ná 40 singil, albam agus EP a chuaigh go dtí barr na gcairteacha. Bhí an rath céanna acu i dtíortha eile, agus measann an comhlacht ceoil EMI go raibh níos mó ná aon bhilliún cheirnín díolta acu timpeall na cruinne faoin mbliain 1985. Sa bhliain 2004, roghnaigh an iris Rolling Stone iad mar uimhir a haon ar an liosta den 100 Ealaíontóir Ceoil is Fearr Riamh. De réir na hirise chéanna, bhí baint lárnach ag ceol an bhanna le cultúr na 1960idí, agus tá an tionchar a bhí acu ar an gcultúr pop le feiceáil fós sa lá atá inniu ann.
Maireann dhá bhall den ghrúpa go dtí an lá inniu, Paul McCartney agus Ringo Starr, agus tá siad beirt gníomhach go fóill ag déanamh ceoil. Scaoileadh John Lennon agus fuair sé bás i mí na Nollaig 1980, agus d'éag George Harrison den ailse ae i mí na Samhna 2001.