Baile stairiúil tionsclaíoch i mám abhainn na Sabhrainne, an áit ar rugadh an Réabhlóid Thionsclaíoch i Shasana. I 1709 bhruithnigh máistir ceárta iarainn ó Bhriostó, Abraham Darby (1678-1717), iarann den chéad uair le cóc, in ionad an ghualaigh thraidisiúnta, i gCoalbrookdale in aice láimhe. I 1778-1779 teilgeadh is tógadh an chéad droichead iarainn ann, 59.8 m ar fhad, 30.5 m ar leithead, 13.7 m ar airde, agus 384.6 tonna meáchain. Téann an droichead trasna an mháma is na habhann. Is láthair oidhreachta domhanda é anois.[1]
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ironbridge". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 378.